Revelation 18:22 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ní cluinfighthear ionnad ní sa mhó fuáim cláirséoradh, ná luchd ciúil, ná phíobaireadh, ná thrompóireadh; agus ní bhiáidh éinfhear ceirde déincheird air bith air fagháil ionnad ní sa mhó, agus ní cluinfighthear ionnad ní sa mhó fuáim chloichthe muilinn;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ní cluinfear fuaim cláirseora, ná ceoltóra, ná fliúiteora, ná trompadóra ionnat arís go deoidh; agus ní bhéidh ceárdaidhe de cheird ar bith le fágháil ionnat arís go deoidh; agus ní cluinfear fuaim brón ionnat arís go deoidh;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ní bheidh cruitireacht ná ceol ná fuaim fideoige ná trumpa le cluinstin ionat ní ba mhó; ní bheidh ceardaí ná saor le fáil ionat ní ba mhó; ní bheidh aon bhróntóireacht le cluinstin ionat ní ba mhó;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ní chloisfear a thuilleadh ionat ceol na gcruitirí, ná na gcantairí, ná na bpíobairí ná na dtrumpadóirí. Ní bheidh ceardaí aon cheirde, le fáil ionat a thuilleadh; ná ní bheidh glór an mhuilinn le clos ionat feasta.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)