Revelation 18:23 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ní shoillséochuigh solas coinnle ní sa mhó ionnad; agus ní cluinfighthear gúth fir ná mná nuádhphósda ní sa mhó ionnad: óir bá híad do cheannuighthe daóine móra na talmhan; agus is réd phiséoguibh do mealladh na huile chineadhacha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus ní bhéidh solas lampa ag soillsiú ionnat arís go deoidh; agus ní cluinfear guth an fhir nua‐phósta, ná guth mná nua‐phósta ionnat arís go deoidh: óir ba iad daoine móra na talmhan do cheannaidhthe; agus is led’ dhraoidheacht do mealladh na cinidheacha go léir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ní bheidh solas lampa ag soilsiú ionat ní ba mhó; ní bheidh glórtha na lánúineacha nuaphósta ionat ní ba mhó; óir bhí do cheannaithe ina bhfir mhóra an domhain, agus bhí draíocht curtha agat ar na ciníocha uile.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná ní shoilseoidh solas lóchrainn ionat a thuilleadh; ná ní bheidh guth fir ná mná céile le cloisteáil ionat feasta. Óir ba iad do mhangairí flatha an domhain; agus mealladh na ciníocha go léir le d' asarlaíocht.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ná ní shoilseoidh solas lóchrainn ionat a thuilleadh; ná ní bheidh guth fir ná mná céile le cloisteáil ionat feasta. Óir ba iad do mhangairí flatha an domhain; agus mealladh na ciníocha go léir le dʼasarlaíocht.