Revelation 18:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ionann agus do árduigh sí í féin a nglóir agus a naóibhneas, tuguidh dhi sa méid chéudna peannuid agus doilgheas: óir a deir sí na cróidhe, Atáim um shuidhe a nionad bainnrioghna, agus ní bainntreabhach mé, agus ní fhaicfe mé doilgheas.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Dá mhéid dár éirigh sí mórtasach, sáitheach i sadhaile, tabhraidh‐se dhi an oiread céadna de chiapadh agus de dhoilgheas: óir adeir sí ’n‐a croidhe, Atáim im’ shuidhe im’ bhainrioghain, ní baintreabhach mé, agus ní fheicfead lá bróin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá mhéid é a mórtas agus a mínáire, tugaigí a chothrom sin de bhuaireamh agus de bhrón di. Deir sí ina croí, ‘Táim i mo shuí i mo bhanríon, ní baintreach mé, ní bhlaisfidh mé an brón go deo,’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
De réir mar a bhí éirí in airde uirthi agus teaspach, tugaigí di peannaid agus doilíos. Óir is é a deir sí ina croí: 'Is banríon mé i mo chathaoir; ní baintreach mé ná ní baol dom doilíos a fheiceáil.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
De réir mar a bhí éirí in airde uirthi agus teaspach, tugaigí di peannaid agus doilíos. Óir is é a deir sí ina croí: ‘Is ban-ríon mé i mo chathaoir; ní baintreach mé ná ní baol dom doilíos a fheiceáil.’