Revelation 19:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do thuit mé síos agá chosuibh chum a onóruighthe. Achd a dubhairt sé riom, Coimhéid nach déuna tú sin: as coimhshearbhfhoghantuighe dhuit mé, agus dod dhearbhráithribh agá bhfuil fíadhnuise Iósa aca: tabhair onóir do Dhía: óir a sí fíadhnuise Iósa spiorad na fáidheadóireachda.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do thuiteas síos ag a chosaibh chum adhradh do dhéanamh dhó; acht adubhairt seisean liom, Seachain, ná déan é: is cóimh‐sheirbhíseach leat‐sa mé, agus led’ bhráithribh go bhfuil fiadhnaise Íosa aca: déan adhradh do Dhia, óir is í fiadhnaise Íosa spiorad na tarngaireachta.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Thit mé ansin ag a chosa lena adhradh, ach ar seisean liom, “Tá sé crosta ort sin a dhéanamh! Níl ionamsa ach comh-sheirbhíseach leatsa agus le do bhráithre, lucht gafa fhianaise Íosa. Tabhair adhradh do Dhia amháin.” Óir is í fianaise Íosa sprid na fáidheadóireachta.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus chaith mé mé féin ag a chosa á adhradh. Ach ar sé liom: «Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre a bhfuil fianaise Íosa acu. Déan Dia a adhradh. Óir is ionann spiorad na fáidheoireachta agus fianaise Íosa.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus chaith mé mé féin ag a chosa dá adhradh. Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leat-sa mé agus le do bhráithre a bhfuil fianaise Íosa acu. Déan Dia a adhradh. Óir is ionann spiorad na fáidheoireachta agus fianaise Íosa.”