Revelation 19:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chonnairc mé neamh osguilte, agus féuch each ban; agus a sé dob ainm don tí do bhí na shuidhe air Díleas agus Fírinneach, agus is do réir cheirt do ní breitheamhnus agus cosgadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin do chonnacas neamh ar fhoscailt; agus féach, each bán, agus an té do bhí ar muin air, tugadh Dílse agus Fírinne mar ainm air; agus is do réir an chirt do‐ghní sé breitheamhnas, agus chuireann sé cogadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chonaic mé doirse na bhflaitheas ar oscailt ansin, agus bʼshiúd chugainn an t-each gléigeal! Tá ainm na Dílseachta agus na Fírinne ar a mharcach, agus is fíréanta a thugas sé breith agus a chuireas sé cogadh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chonaic mé na flaithis ar oscailt agus b' shiúd each bán agus ag marcaíocht ar a mhuin an té ar a dtugtar Dílis agus Fírinneach, agus a dhéanann breithiúnas agus cogadh de réir an chirt.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin chonaic mé na flaithis ar oscailt agus bʼiúd each bán agus ag marcaíocht ar a mhuin an té ar a dtugtar ‘Dílis’ agus ‘Fírinneach’, agus a dhéanann breithiúnas agus cogadh de réir an chirt.