Revelation 19:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chonnairc mé aingeal áirighe na sheasamh sa ngréin; noch do éigh do ghúth árd, ag rádh ris na huile éunlaith do bhí ag eitealluigh a lár neimhe, Tigidh agus cruinnighthear sibh chum suipéir an Dé mhóir;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chonnacas aingeal amháin ’n‐a sheasamh san ngréin; agus do ghlaodh sé de ghuth árd, g‐á rádh leis na h‐éanlaithibh go léis do bhí ar eiteall i lár na spéire, Tigidh, cruinnighidh le chéile fá chómhair suipéir mhóir Dé;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chonaic mé aingeal ansin ina sheasamh sa ghrian, a scairt in ard a ghutha lena mbíonn dʼéanlaithe ag eitilt idir spéir agus talamh, “Tagaigí le chéile chuig mórfhleá Dé,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chonaic mé an t-aingeal ina sheasamh ar an ngrian, agus ghlaoigh sé in ard a ghutha agus dúirt sé leis na héin go léir ar eitilt i mbuaic neimhe: «Tagaigí agus cruinnigí chun fleá mhór Dé,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin chonaic mé an t-aingeal ina sheasamh ar an ngrian, agus ghlaoigh sé in ard a ghutha agus dúirt sé leis na héin go léir ar eitilt i mbuaic Neimhe: “Tagaigí agus cruinnígí chun fleá mhór Dé,