Revelation 19:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Chum féola ríghtheadh díthe dhíbh, agus féola árdchaiptíneadh, agus féola dhaóineadh cúmhachdach, agus féola each, agus an mbarcshluáigh bhías orrtha, agus féola na nuile, eidir sháor agus dáor, eidir bheag agus mhór.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
chum feoil na righthe d’ithe, agus feoil na dtaoiseach míleata, agus feoil na ndaoine tréan, agus feoil na gcapall agus na marcach atá ar muin ortha, agus feoil an uile dhuine, idir shaor agus dhaor, idir bheag agus mhór.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
go n-ithe sibh feoil ríthe agus cheannfort agus churaí, feoil chapall agus mharcach, agus feoil an chine dhaonna idir shaor agus dhaor agus bheag agus mhór.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
chun go n-íosfaidh sibh feoil ríthe, agus feoil cheanafort, agus feoil na laochra, agus feoil na n-each, agus feoil a marcach, agus feoil gach n-aon idir shaoránach is dhaoránach, idir bheag agus mhór.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
chun go n-íosfaidh sibh feoil ríthe, agus feoil ceann-phort, agus feoil na laochra, agus feoil na n-each, agus feoil a marcach, agus feoil gach aon duine idir shaor is dhaor, idir bheag agus mhór.”