Revelation 19:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír is fírinneach cómhthrom a bhreathasan: óir do dhamnuigh sé an meirrdreach mhór, do thruáill an talamh ré na sdríopachas, agus do dhíoghail se fuil a shearbhfhoghantuigheadh do dóirteadh ar á láimh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
óir is fírinneach, cóir iad a bhreitheamhnaisí óir atá breitheamhnas tugtha aige ar an méirdrigh mhóir do thruailligh an domhan le n‐a striapachas, agus atá díoghaltas déanta aige ar son fola a sheirbhíseach atá doirtthe ag a láimh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
is fírinneach ceart-bhreitheach é; tá breithiúnas tugtha aige ar an striapach mhór a shalaigh an domhan lena drúis, agus tá fuil a sheirbhíseach agartha aige uirthi.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir is fíor iad a bhreitheanna agus is cóir. Thug sé breith ar an striapach mhór a thruailligh an domhan lena striapachas. Agus rinne sé fuil a sheirbhíseach a agairt uirthi.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir is fíor iad a bhreitheanna agus is cóir. Thug sé breith ar an striapach mhór a thruailligh an domhan lena striapachas. Agus rinne sé fuil a sheirbhíseach a agairt uirthi.”