Revelation 19:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do gabhadh an tainmhidhe, agus na fáidh fallsa maille ris noch do rinne míorbhuileadh na fhíadhnuise, léur mheall sé an dream do ghabh comhartha a nainmhidhe chuca, agus tug onóir dhá iomháigh. Agus do teilgeadh íad ar áon beó a loch teineadh ar dearglasadh lé ruibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do gabhadh an t‐ainmhidhe, agus i n‐éinfheacht leis, an fáidh bréige do rinne na míorbhailtí ’n‐a fhiadhnaise, le n‐ár mheall sé an dream do ghlac marc an ainmhidhe chuca, agus an dream thug adhradh d’á íomháigh. Do teilgeadh iad araon beo amach i loch teineadh atá ar dearg‐lasadh le ruibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus gabhadh an beithíoch allta, agus an fáidh bréige a dʼoibríodh na comharthaí roimhe ar mheall sé leo an dream úd a ghlac le comhartha an bheithígh agus a thug adhradh dá íomhá. Caitheadh an bheirt amach i loch na tine a bhíos ar dó le ruibhchloch agus iad ina mbeatha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)