Revelation 19:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chúala mé amhuil gúth budhne móire, agus amhuil fuáím uisgeadh iomdha, agus amhuil fúaim tóirrnidh aintréin, ag rádh, Alleluía: óir a sé an Tíghearna Día uilechúmhachdach as Rí ann.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chualas mar bhéadh glór mór‐shluaigh, agus mar béadh torann uiscí iomdha, agus mar bhéadh torann tóirnighe tréine, g‐á rádh Allelúia! óir riaghluigheann an Tighearna, ár nDia Uile‐chumhachtach anois.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chuala mé fuaim ansin mar gháir mhórshlua agus mar thorann tonnta tuile agus mar thuargaint ardthoirni, ag rá, “Alelúía! Tá an réim lenár dTiarna, Dia na gcumhacht.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chuala mé glór mar a bheadh glór mathshlua mhóir agus mar a bheadh glór tuiltí lána, agus mar a bheadh glór toirní tréine, agus iad á rá: «Alleluia! Óir tháinig an Tiarna, ár nDia Uilechumhachtach, i réim.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin chuala mé glór mar a bheadh glór mathshlua mhóir agus mar a bheadh glór tuilte lána, agus mar a bheadh glór toirní tréine, agus iad dá rá: “Aililiú! Óir tháinig an Tiarna, ár nDia Uilechumhachtach, i réim.