Revelation 19:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tugadh dhi í féin do éudughadh do línéudach toghtha, glan deallruigheach: óir a sé is línéudach toghtha ann fíréuntachd na náomh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tugadh de chéad di í féin do chlúdú le línéadach mín‐gheal, glan‐úr: óir is é an línéadach mín gníomhartha fíréanta na naomh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus a cead aici a cóiriú féin i ngúna den línéadach gléghlan”— ós é an línéadach min dea-ghníomhartha na naomh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Deonaíodh di í féin a ghléasadh i línéadach mín geal glioscarnach» (óir is iad oibreacha fíréantachta na naomh an línéadach mín).
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Deonaíodh di í féin a ghléasadh i línéadach mín geal glioscarnach” óir is iad oibreacha fíréantachta na naomh an línéadach mín.