Revelation 2:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Sgriobh chum aingil eagluise Ephesuis; Ag so na neithe a deir an tí chomgmhas na seachd réulta na láimh dheis, noch shiúbhlas a meadhón na seachd gcoinnleóir órrgha;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Scríobh chum aingil na h‐eaglaise i nÉiféis; Is é adeir an té chongbhuigheas na seacht réaltana ’n‐a láimh dheis, an té shiubhlas i lár na seacht gcoinnleoir óir:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Scríobh chuig aingeal na heaglaise atá san Eiféis mar seo leanas: ‘Briathra an té a mbíonn na seacht réalta aige i ngreim a láimhe deise, an té a shiúlas i gceartlár na seacht gcrann solais órga.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Scríobh go dtí aingeal na heaglaise in Eifeasas: 'Mar seo a deir an té a bhfuil greim aige ar na seacht n-eaglaisí ina dheasláimh, agus a shiúlann i measc na seacht gcoinnleoirí óir:
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise in Eifeasas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil greim aige ar na seacht n-eaglais ina dheaslámh, agus a shiúlann i measc na seacht gcoinnleoir óir: