Revelation 2:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh atá beagan agum a tadhuigh, go bhfuil agud sa náit sin dream leanas do theagusg Bhálaam, an tí do theaguisg Bálac fá adhbhar oilbhéime do chur roimhe chloinn Israél, ionnus go níosdáois na neithe do bhí ar na niodhbairt diodhaluibh, agus go ndéunaidís sdríopachas.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht atá beagán agam le rádh it’ aghaidh, de bhrigh go bhfuil annsin agat cuid de’n dream leanas de theagasc Bhaláaim, an té do mhúin do Bhalac ceap tuislidh do chur roimh chlainn Israel, chum neithe do bhí íodhbartha d’íodhalaibh d’ithe, agus chum striapachas do chleachtadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach tá beagán i dʼéadan agam: ó tá cuid de lucht leanúna Shátain ansin agat, a mhúin do Bhalac conas a chuirfeadh sé ceap tuisle i mbealach chlann Iosrael, le moladh dóibh bia a iobraíodh dʼíola a ithe agus drúis a chleachtadh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá beagán agam i d' aghaidh, áfach, mar tá daoine agat ansin atá ag cloí le teagasc Bhalám, an té a mhúin do Bhalac ceap tuisle a chur os comhair chlann Iosrael le go n-íosfaidís bia íobartha d' íola agus striapachas a dhéanamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá beagán agam i dʼaghaidh, áfach, mar tá daoine agat ansin atá ag cloí le teagasc Bhalám, an té a mhúin do Bhalac ceap tuisle a chur os comhair chlann Iosrael le go n-íosfaidís bia íobartha dʼíola agus striapachas a dhéanamh.