Revelation 2:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An tí agá bhfuil clúas, éisdeadh sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisidhíbh; Do bhéurad don tí bheireas buáidh ré a ithe don mhanna fholuigheach, agus do bhéur dhó cloch gheal, agus ainm núadh sgríobhtha air an gcloich, nách aithnidh daóin neach achd amháin don tí ghlacas í.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad dó‐san cuid de’n mhanna foluighthe, agus do‐bhéarfad dhó cloch gheal, agus ainm nua scríobhtha ar an gcloich, nach bhfuil eolas air ag aoinneach, acht ag an té gheibheas í.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena ndeir an Spiorad leis na heaglaisí. An té a bheireas bua, tabharfaidh mé cuid den mhanna folaithe dó, agus tabharfaidh mé an chloch gheal dó, a bhfuil ainm úmua scríofa agam uirthi nach fios dʼaon duine amach ón té a dtugtar an t-ainm sin air.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé dó cuid den mhana folaigh; agus tabharfaidh mé dó cloch gheal agus ainm nua scríofa ar an gcloch, ainm nach fios d' aon duine ach don té a ghlacann é.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil dá rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé dó cuid den mhana folaigh; agus tabharfaidh mé dó cloch gheal agus ainm nua scríofa ar an gcloch, ainm nach fios dʼaon duine ach don té a ghlacann é.’