Revelation 2:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh atá beagan agum a tadhuigh, go bhfuilngeann tú don mhnáoi Iesabel, a deir gur banfháidh í féin, teagusg do thabhairt uáithe agus mo shearbhfhoghantuigheadhsa do mhealladh chum sdríopachais do dhéunamh, agus chum na neitheann atá ar na níodhbairt diodhaluibh ithé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht atá an méid seo agam it’ aghaidh, go bhfulaingeann tú an bhean Iesebel, adeir gur ban‐fháidh í féin; agus múineann agus mealann sí mo sheirbhísigh chum striapachas do chleachtadh, agus chum neithe atá íodhbartha d’íodhalaibh d’ithe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach tá sé de locht agam ort, go ligeann tú don bhean Iesabel úd, a bhíos ag maíomh gur banfháidh í, agus í ag mealladh mo sheirbhíseach, ag múineadh dóibh drúis a chleachtadh agus bia a íobraíodh dʼíola a ithe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach tá sé seo agam i d' aghaidh, go scaoileann tú leis an mbean Ízeibil a thugann banfháidh uirthi féin, agus a mhúineann agus a mheallann mo sheirbhísigh chun adhaltranas a dhéanamh agus bia íobartha d' íola a ithe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach tá sé seo agam i dʼaghaidh, go scaoileann tú leis an mbean Ízeibil a thugann ban-fháidh uirthi féin, agus a mhúineann agus a mheallann mo sheirbhísigh chun adhaltranas a dhéanamh agus bia íobartha dʼíola a ithe.