Revelation 2:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Féuch, teilgfé mé í a leabuidh, agus an dream do ní drúis ría a mbuáidhirt ro mhóir, muna dhearnuid síad aithrighe a dtáobh a ngníomharthadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Féach, caithfead isteach i leabaidh í, agus crádhfad le doghrainn mhóir an dream chleachtas adhaltrannas léi muna ndéanaidh siad aithrighe ’n‐a h‐oibreachaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Féach, caithfidh mé i gcróilí leapa í, agus caithfidh mé an dream a dhéanas adhaltranas léi i gcráiteacht mhór, mura mbíonn aithreachas orthu ina ngníomhartha;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Féach! caithfidh mé ar leaba péine í agus lucht déanta striapachais léi i nduainéis mhór mura ndéana siad aithrí ina hoibreacha;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Féach! Caithfidh mé ar leaba phéine í agus lucht déanta striapachais léi i nduainéis mhór mura ndéana siad aithrí ina hoibreacha;