Revelation 2:23 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus sgriosfa mé a clann ris an mbás; agus tuigfid na heagluiseacha uíle gur misi sgrúduigheóir na ndubhán agus na gcroidhtheach: agus do bhéur dá gach áon aguibhse réir bhur ngníomharthadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus imreochad bás ar a clainn; agus tuigfidh na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduigheas na dubháin agus na croidheacha: agus do‐bhéarfad do gach duine agaibh do réir bhur ngníomhartha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus imreoidh mé bás tobann ar a gclann. Agus aithneoidh na heaglaisí uile gur mé a scrúdaíos an intinn agus an croí, agus cúiteoidh mé le gach duine agaibh de réir mar a thuill bhur ngníomhartha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus imreoidh mé bás ar a clann, agus beidh fhios ag na heaglaisí uile gur mise a scrúdaíonn an aigne agus an croí, agus tabharfaidh mé do gach duine agaibh díol de réir bhur ngníomhartha.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus imreoidh mé bás ar a clann, agus beidh a fhios ag na heaglaisí uile gur mise a scrúdaíonn an aigne agus an croí, agus tabharfaidh mé do gach duine agaibh díol de réir bhur ngníomhartha.