Revelation 2:27 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do dhéunuidh a ríaghlughadh ré slait íaruinn; agus do dhéuntar a gcoimbriseadh mar shoithighe críadh: amhuil as do ghlac mise fós óm Athair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus déanfaidh sé aodhaireacht ortha le slait iarainn, mar bristear soithigh criadóra ’n‐a mbroscar; do réir na cumhachta fuaras ó’n Athair:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus cuirfidh sé smacht orthu le slat iarainn, mar shoithigh chré a ndéantar smionagar díobh, ar an nós céanna liomsa a fuair an chumhacht ó mʼAthairse;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
mar a fuair mise ó m' athair, agus déanfaidh sé iad a rialú le slat iarainn, faoi mar a bheadh soithí cré á mbascadh;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
mar a fuair mise ó mʼathair, agus déanfaidh sé iad a rialú le slat iarainn, faoi mar a bheadh soithí cré dá mbascadh;