Revelation 2:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As aithnidh dhamh hoibreacha, agus do bhuáidhirt, agus do bhochdaine, (gidheadh atá tú sáidhbhir) agus an mhalsa do bheir an dream noch a dei gur Iúduigheadh íad féin, agus ní headh achd sinagóig Shátain.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is eol dom t’anró, agus do bhochtaine (acht atáir saidhbhir), agus maslú an dreama adeir gur Iúdaigh iad, agus nach eadh, acht gur sionagóg Shátain iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“ ‘Is feasach dom do chrá agus do bhochtaineacht (ach gur tú atá saibhir) agus tá fios agam faoi chúlchaint an dreama sin a deir gur Giúdaigh iad, agus nach Giúdaigh iad ach sionagóg Shátain.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is eol dom do dhuainéis agus do bhochtaine cé gur saibhir tú agus tromaíocht an dreama a thugann Giúdaigh orthu féin, ach nach amhlaidh dóibh ach gur sionagóg le Sátan iad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is eol dom do dhuainéis agus do bhochtaine–cé gur saibhir thú–agus tromaíocht an dreama a thugann Giúdaigh orthu féin, ach nach amhlaidh dóibh ach gur sionagóg le Sátan iad.