Revelation 20:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chonnairc mé na mairbh, eidír bheag agus mhór, na seasamh a bhfíadhnuise Dé; agus do hosgladh na leabhair: agus do hosgladh leabhar eile, eadhon leabhar na beatha: agus rugadh breath ar na mharbhaibh as na neithibh do bhí sgríobhtha sna leabhruibh, do réir a ngníomharthadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chonnacas na mairbh, idir bheag agus mhór, ’n‐a seasamh os cómhair na righ‐chathaoireach; agus do foscladh na leabhair: agus do foscladh leabhar eile, is é leabhar na beathadh é: agus tugadh breitheamhnas ar na marbhaibh as a raibh scríobhtha ins na leabhraibh, do réir a ngníomhartha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chonaic mé na mairbh, idir bheag agus mhór, ina seasamh os comhair na richathaoireach, agus osclaíodh na leabhair. Agus osclaíodh leabhar eile, arb é leabhar na beatha é. Agus tugadh breithiúnas ar na mairbh de réir a raibh scríofa sna leabhair faoina ngníomhartha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus chonaic mé na mairbh, idir mhór is mhion, ina seasamh os comhair na ríchathaoireach. Agus osclaíodh na leabhair, agus osclaíodh leabhar eile, leabhar na beatha is é sin. Agus tugadh breith ar na mairbh óna raibh scríofa sna leabhair, de réir a n-oibreacha.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus chonaic mé na mairbh, idir mhór is mhion, ina seasamh os comhair na rí-chathaoireach. Agus osclaíodh na leabhair, agus osclaíodh leabhar eile, is é sin, leabhar na beatha. Agus tugadh breith ar na mairbh óna raibh scríofa sna leabhair, de réir a n-oibreacha.