Revelation 20:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tug an fhairrge uáithe na mairbh do bhí innte; agus tug an bás agus ifearn úatha na mairbh do bhí aca: agus rugadh breath orrtha fó leíth do réir a ngníomharthadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus thug an fhairrge uaithi na mairbh do bhí innti; agus thug an bás agus Hádes uatha na mairbh do bhí ionnta: agus tugadh breitheamhnas ar gach aon duine aca do réir a ghníomhartha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus thug an Bás agus Háidéas uathu na mairbh a bhí iontu, agus tugadh breithiúnas orthu uile go léir de réir a ngníomhartha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus thug an fharraige uaithi a raibh de mhairbh aici, agus an Bás agus Ifreann a raibh do mhairbh iontu; tugadh breith orthu, gach duine de réir a n-oibreacha.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus thug an fharraige uaithi a raibh de mhairbh aici, agus an Bás agus Ifreann a raibh do mhairbh iontu; tugadh breith orthu, gach duine de réir a n-oibreacha.