Revelation 20:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chonnairc mé cáthaóireacha, agus do shuigheadar dream ionnta, agus do tugadh breitheamhnus dóibh: agus do chonnairc mé anmanna na druinge do dícheannadh ar son fhiadhnuise Iosa, agus ar son bhreithre Dé, agus nach dtug onóir don nainmhidhe, ná dhá iomháigh, agus nár ghabh a chomhartha chuca a gcláruibh a néudan, ná na láimh; agus mairfid agus béid na ríoghuibh a bhfochair Chríosd míle blíadhuin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chonnacas árd‐chathaoireacha; agus duine ’n‐a suidhe ionnta go dtugadh de chead dóibh breitheamhnas do thabhairt: agus do chonnacas anmanna na ndaoine do di‐cheannuigheadh ar son fiadhnaise Íosa, agus ar son briathair Dé, agus nach dtug adhradh do’n ainmhidhe, ná d’á íomháigh, agus nár ghlac chuca a marc ar chlár a n‐éadain, ná ar a láimh; agus thángadar ’n‐a mbeathaidh, agus do riaghluigheadar i bhfochair Íosa míle bliadhain.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chonaic mé ríchathaoireacha ansin, agus fágadh an breithiúnas faoina raibh ina suí orthu. Chonaic mé freisin anamacha na ndaoine a dícheannaíodh mar gheall ar a bhfianaise ar Íosa agus ar bhriathar Dé, agus anamacha na ndaoine nár adhair an beithíoch ná a íomhá agus nár ghlac a chomhartha ar chlár a n-éadan ná ar a lámha deasa. Athbheodh iadsan, gur rialaigh siad maraon le Críost ar feadh mile bliain.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus chonaic mé na ríchathaoireacha agus daoine ina suí iontu ar tugadh údarás breithiúnais dóibh; agus chonaic mé anamacha an dreama úd a dícheannadh ar son a bhfianaise ar Íosa agus ar son bhriathar Dé, nár shléacht don bheithíoch ná dá dhealbh, agus nár ghlac a mharc ar a n-éadan ná ar a lámh. Tháinig an t-anam iontu agus rialaigh siad míle bliain le Críost.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus chonaic mé na rí-chathaoireacha agus daoine ina suí iontu ar tugadh údarás breithiúnais dóibh; agus chonaic mé anamacha an dreama úd a dícheannadh ar son a bhfianaise ar Íosa agus ar son Bhriathar Dé, nár shléacht don bheithíoch ná dá dhealbh, agus nár ghlac a mharc ar a n-éadan ná ar a lámh. Tháinig an t-anam iontu agus rialaigh siad míle bliain le Críost.