Revelation 21:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí balla mór árd aice, ar a rabhadar dha gheata dhéug, agus dhá aingeal déug ag na geataidhibh, agus anmanna sgríobhtha orrtha, eadhon anmanna dhá thréabh dhéug chloinne Isráel.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do bhí balla mór, ard aici, agus bhí dhá gheata déag ann, agus do bhí dhá aingeal déag ag na geataibh, agus ainmneacha scríobhtha ortha, ainmneacha dhá threibh déag cloinne Israel.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhí balla mór ard thairsti a raibh dhá gheata dhéag air, agus dhá aingeal déag ag na geataí, agus ainmneacha dhá threibh déag chlann Iosrael breactha ar na geataí;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus múr mór ard ina timpeall, ar a raibh dhá gheata dhéag, agus ar na geataí bhí dhá aingeal déag, agus ainmneacha arna scríobh ar na geataí, ainmneacha dhá threibh dhéag mhac Iosrael;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus múr mór ard ina timpeall, ar a raibh dhá gheata dhéag, agus ar na geataí bhí dhá aingeal déag, agus ainmneacha arna scríobh ar na geataí, ainmneacha dhá threibh dhéag mhac Iosrael;