Revelation 21:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí ag an tí do labhair riom giolcach órrgha, chum na caithreach agus a geatuigheadh, agus a balla do thomhas dó.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an té do bhí ag labhairt liom, bhí giolcach óir mar mhiosúr aige chum an chathair, agus na geataí, agus an balla do thómhas.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhí slat tomhais órga ag an té a bhí ag caint liom, leis an gcathair agus a geataí agus a ballaí a thomhas.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus bhí slat tomhais óir ag an té a bhí ag caint liom, chun an chathair agus a geataí agus a múr a thomhas.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus bhí slat tomhais óir ag an té a bhí ag caint liom, chun an chathair agus a geataí agus a múr a thomhas.