Revelation 21:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chonnairc misi Eóin an chathair náomhtha, Ierusalem núadh, ag teachd o Dhía a núas ó neamh, ar na hullmhughadh amhuil ghléusas bean núadhphósda í féin fá chomhair a fir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chonnacas an naomh‐chathair, Iarúsalem nua, ag teacht anuas ó Dhia as na flaitheasaibh, í gléasta mar bhéadh bean nua‐phósta maisighthe fá chómhair a fir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chonaic mé an naomhchathair, an nua-Iarúsailéim, ag teacht anuas ó Dhia ó neamh, agus í cóirithe mar bhrídeog a mhaisítear le haghaidh a fir chéile;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachair i gcomhair a fir chéile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachar i gcomhair a fir chéile.