Revelation 21:27 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ni racha a steach innte ní ar bith neamhghlan, ná do ní gráineamhlachd, ná bréug: achd amháin an dream atá sgríobhtha a leabhar bheatha a Nuáin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus ní rachaidh isteach innti éinnidh neamh‐ghlan, ná aon duine do‐ghní gráineamhlacht nó bréag: acht na daoine amháin go bhfuil a n‐ainmneacha scríobhtha i leabhar beathadh an Uain.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach ní ligfear isteach aon ní neamhghlan, ná aon duine a chleachtas bréantas ná bréaga, ach an dream sin amháin a mbíonn a n-ainmneacha scríofa i leabhar bheatha an Uain.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n-ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní rachaidh aon ní neamh-ghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht ná éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n-ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.