Revelation 21:3 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chúala mé gúth mór ó neamh ag rádh, Féuch, tabernacuil Dé ag daóinibh, agus do dhéunuidh seision comhnuidhe na bhfhochair, agus béid síadsan na bpubal aige, agus biáidh Día féin na bhfochairsion, agus budh he a Ndía.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chualas árd‐ghlór ó’n righ‐chathaoir, g‐á rádh, Féach, atá tabernacal Dé ag daoinibh, agus déanfaidh sé cómhnaidhe i n‐éinfheacht leo, agus béidh siad ’n‐a bpobal aige, agus béidh Dia féin ’n‐a bhfochair, agus béidh sé aca mar Dhia:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus chuala mé ardghlór ón ríchathaoir á rá, “Bíodh a fhios agaibh go bhfuil Dia ag dul a chónaí le daoine. Cónóidh sé leo, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia é féin leo;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus chuala mé guth tréan ón ríchathaoir á rá: «Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus chuala mé guth tréan ón rí-chathaoir dá rá: “Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru.