Revelation 21:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt an tí do bhí na shuidhe sa gcathaóir, Féuch, do ním na huile neithe núadh. Agus a dubhairt sé ríom, Sgríobh: óir is fírinneach díleas na bríathrasa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, adubhairt sé, Féach, atáim ag déanamh an uile nidh as an nua. Agus adubhairt sé, Scríobh: óir is fírinneach, ionnraic na briathra so.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt an té a shuigh sa ríchathaoir, “Seo mé ag athchruthú na cruinne go léir as an nua.” Agus dúirt sé lena chois sin, “Scríobh é seo, ós fírinneach iontaofa na briathra iad.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin dúirt an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir: «Féach, tá gach aon ní á dhéanamh nua agam.» Agus ar sé: «Scríobh. Óir is dílis agus is fírinneach iad na focail seo.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin dúirt an té a bhí ina shuí sa rí-chathaoir: “Féach, tá gach aon ní dá dhéanamh nua agam.” Agus ar sé: “Scríobh. Óir is dílis agus is fírinneach iad na focail seo.”