Revelation 21:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do gheabhuid na daóine meata, agus díchreidmheacha, agus gráineamhla, agus luchd dúnmharbhtha, agus adhaltrannuis, agus na bpiséog, agus a niodhaladhruigh, agus a nuile bhréugaire, a gcuid sa loch atá ar dearglasadh do theine agus do ruibh: noch is dara bás ann.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht maidir leis na daoinibh meathta, mí‐chreidmheacha, gráineamhla, agus leis na dúnmharbhthóiribh, leis na drúiseoiribh, leis na draoidheadóiribh, agus leis na h‐íodhal‐adhrathóiribh, agus le lucht na mbréag ar fad, gheobhaid‐sean a gcuid féin san loch atá ar dearg‐lasadh le teinidh agus le ruibh; is é sin an dara bás.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach maidir leis na cladhairí meata agus na fealltóirí díchreidmheacha, agus na truailleáin shalacha, agus na dúnmharfóirí agus na drúiseoirí agus na hasarlaithe agus lucht adhartha na n-íola agus na bréagairí uile go léir, beidh a bpáirt siúd sa loch atá ar lasadh le tine agus le ruibhchlocha, agus is é sin an t-athbhás.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dún-mharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndán dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. Is é sin an dara bás.”