Revelation 21:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus táinic neach do na seachd nainglibh chugum agá rabhadar na seachd soithighe líonta do na seachd bplághuibh deigheanacha, agus do labhair sé riom, ag rádh, Gabh a leith, taisbéunfadsa dhuit an bhean núadhphósda, bean a Nuáin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig aingeal de na seacht n‐ainglibh go raibh na seacht soithighe líonta de na seacht bpláigheannaibh deireannacha aige; agus do labhair sé liom, g‐á rádh, Gabh i leith, taisbeánfad duit an bhean nua‐phósta, bean an Uain.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba ansin a tháinig aingeal den mhórsheisear a raibh na seacht scála úd na seacht bplá deiridh acu, agus labhair sé liom mar seo, “Tar liom, go dtaispeána mé duit an Bhrídeog, banchéile an Uain.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin tháinig ceann de na haingil ag a raibh na seacht soitheach a bhí lán de na seacht bplá dheiridh agus d' agaill sé mé á rá: «Tar, agus taispeánfaidh mé duit an nuathair, céile an Uain.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin tháinig ceann de na haingil ag a raibh na seacht soitheach a bhí lán de na seacht bplá dheiridh agus dʼagaill sé mé dá rá: “Tar, agus taispeánfaidh mé duit an nuachar, céile an Uain.”