Revelation 22:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír don táobh amuigh béid na madruigh, agus luchd na bpiseóg, agus a nadhaltrannuis, agus an dúnmharbhtha, agus a niodhaladhruigh, agus gach neach ghrádhuigheas agus do ní an bhréug.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht ar an taobh amuigh dhi atá na madraí, agus lucht na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnmharbhthóirí, agus na h‐íodhal‐adhrathóirí, agus gach duine ghrádhuigheas agus chleachtas bréag.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is fada uaithi amach a gheofar na daoine madrúla agus na hasarlaithe agus na drúiseoirí agus na dúnmharfóirí agus lucht adhartha na n-íola, agus gach aon duine a ghráíos agus a chleachtas na bréaga.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dún-mharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.