Revelation 22:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do ním dfiadhnuise dá gach áon dá gcluin bríathra faidheadóireachda an leabhairse, Dá gcuiridh éinneach tuilleadh ríu so, go gcuirfe Día airsean na plágha atá sgriobhtha sa leabharsa:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Fógraim do’n uile dhuine chluineas briathra tarngaireachta an leabhair seo, Má chuireann aoinneach tuilleadh leo, go gcuirfidh Dia air‐sean na pláigheanna atá scríobhtha san leabhar so:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Fógraím mar rabhadh do lucht éiste briathra thairngr-eacht an leabhair seo: má chuireann aon duine leo, cuirfidh Dia leis-sean na plánna úd a gcuireann an leabhar seo síos orthu,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tugaim rabhadh anois do gach duine a chloiseann briathra fháistine an leabhair seo. Má chuireann aon duine leo, cuirfidh Dia sa mhullach air na plánna atá scríofa sa leabhar seo.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tugaim rabhadh anois do gach duine a chloiseann briathra fháistine an leabhair seo. Má chuireann aon duine leo, cuirfidh Dia sa mhullach air na plánna atá scríofa sa leabhar seo.