Revelation 22:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt sé riom, Is díleas fíreanneach na bríathrasa: agus do chuir an Tíghearna Día na bhfáidheadh náomhtha a aingeal úadh dfoillsiughadh dhá shearbhfhoghantuighibh féin na neithe is éigean do dhéunamh go haithghearr.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé liom, Atá na briathra so ionnraic, fírinneach; an Tighearna, Dia spiorad na bhfáidh, do chuir sé a aingeal uaidh chum na neithe atá le teacht chum críche go luath do nochtadh d’á sheirbhíseachaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt sé liom, “Is fírinneach iontaofa an focal é, gur chuir an Tiarna, an Dia a bhronn a Spiorad ar na fáithe, a aingeal uaidh le bheith ag taispeáint dá sheirbhísigh cad é atá le tarlú roimh i bhfad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus dúirt sé liom: «Briathra dílse fírinneacha iad seo. Dia, Tiarna spioraid na bhfáithe, sheol sé a aingeal chun a thaispeáint dá sheirbhísigh na nithe nach foláir a tharlú gan mhoill.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus dúirt sé liom: “Briathra dílse fírinneacha iad seo. Dia, Tiarna spioraid na bhfáithe, sheol sé a aingeal chun a thaispeáint dá sheirbhísigh na nithe nach foláir a tharlú gan mhoill.