Revelation 22:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a dubhairt sé riom, Seachuin thú ar sin do dhéunamh: óir is coimhshearbhfhoghantuighe dhuit mé, agus dod dhearbhráithribh ná fáidhibh, agus don druing choimhéudas bríathra an leabhairse: déun sléuchduin do Dhía.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt seisean liom, Seachain, ná déan é: is cóimh‐sheirbhíseach leat‐sa mé, agus led’ bhráithribh, ná fáidhe, agus leis an dream choimheádas briathra an leabhair seo; déan adhradh do Dhia.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach ar seisean liom, “Tá sé crosta ort a dhéanamh! Níl ionamsa ach comhsheirbhíseach leatsa agus le do bhráithre, na fáithe, agus lena gcomhallann briathra an leabhair seo. Tabhair dʼadhradh do Dhia amháin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach ar sé liom: «Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre, na fáithe, agus leis na daoine a choinníonn briathra an leabhair seo. Déan Dia a adhradh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leat-sa mé agus le do bhráithre, na fáithe, agus leis na daoine a choinníonn briathra an leabhair seo. Déan Dia a adhradh.”