Revelation 3:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus sgríobh chum aingil na heagluise atá a Sardis; Ag so na neithe a deir an ti agá bhfuilid seachd Sbiorada Dé, agus na seachd réulta; As aithne dhamh hoibreacha, go bhfuil ainm ort bheith béo, gidheadh atá tú marbh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i Sárdis; Is é adeir an té go bhfuil seacht Spioraídí Dé aige, agus na seacht réaltana: Is eol dom t’oibreacha, agus go bhfuilir i n‐ainm bheith beo, acht gur marbh atáir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Agus scríobh mar seo chuig aingeal na heaglaise atá i Sardis: ‘Briathra an té a bhfuil seacht sprid Dé agus na seacht réalta aige. “ ‘Is feasach dom dʼoibreacha; tá ainm ort go bhfuil tú beo, agus is marbh atá tú.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Sairdis: 'Mar seo a deir an té ag a bhfuil seacht spiorad Dé agus na seacht réalta: Is eol dom d' oibreacha, go bhfuil tú in ainm a bheith beo, ach gur marbh thú.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Sairdeas: ‘Mar seo a deir an té ag a bhfuil seacht spiorad Dé agus na seacht réalta: Is eol dom dʼoibreacha, go bhfuil tú in ainm a bheith beo, ach gur marbh thú.