Revelation 3:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do dhéuna mé posda a dteampoll mo Dhé don tí bheireas buáidh, agus ní racha sé ní sa mho amach: agus sgríobhthad ainm mo Dhé air, agus ainm chaithreach mó Dhé, Iarusalém núadh, noch thig a núas ó neamh ó mó Dhía: agus mainm núadh féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An té bheireas buaidh, déanfad colamhan i dteampall mo Dhé dhe, agus ní imtheochaidh sé amach as go deoidh: agus scríobhfad ainm mo Dhé air, agus ainm cathrach mo Dhé, Iarúsalem nua thig anuas as neamh óm’ Dhia, agus m’ainm nua féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An té a bheireas bua, déanfaidh mé colún de i dteampall mo Dhé; ní imeoidh sé amach as go deo, agus scríobhfaidh mé air ainm mo Dhé, agus ainm chathair mo Dhé, ainm na hlarúsailéim úrnua seo a thioefas anuas as na flaithis ó mo Dhia-sa, agus scríobhfaidh mé air freisin mʼainm úrnua dílis féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An té a bheireann bua, déanfaidh mé colún de i dteampall mo Dhé, agus ní rachaidh sé amach go deo arís; agus scríobhfaidh mé ainm mo Dhé air, agus ainm cathrach mo Dhé, an Iarúsailéim Nua, a thiocfaidh anuas ó neamh ó mo Dhia, agus m' ainm nua féin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An té a bheireann bua, déanfaidh mé colún de i dteampall mo Dhé, agus ní rachaidh sé amach go deo arís; agus scríobhfaidh mé ainm mo Dhé air, agus ainm chathair mo Dhé, an Iarúsailéim Nua, a thiocfaidh anuas as Neamh, ó mo Dhia, agus mʼainm nua féin.