Revelation 3:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do bheirim do chómhairle dhuit ór a cheannach uáimse do dearbhadh a dteine, ionnus go mbeitheá saidhbhir; agus éuduighe geala, chum a gcur iomad, ionnas nach budh léir gráineamhlachd do lomnochduighe; agus ung do shúile ré fobhairt na súl, ionnus go madh lér dhuit.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
cómhairlighim duit ór do h‐ath‐bhruithneadh i dteinidh do cheannach uaim‐se, chum go mbéidh tú saidhbhir, agus éadaighe geala chum clúdach do chur ort féin, chum nach bhfeicfear náire do lomnochtachta; agus ungadh le cuimilt ar do shúilibh, chum go bhfeicidh tú.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Comhair-lím duit dá bhrí sin ór leáite a cheannach uaim, go mbeidh tú saibhir, agus éadach geal lena chur ort chun nach bhfeicfear náire do nochtachta, agus íocshláinte lena cur ar do shúile chun go mbeidh an t-amharc agat.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Comhairlím duit ór a cheannach uaim atá profa sa tine, chun go mbeifeá saibhir; agus éidí geala le cur ort chun nár léir náire do bhall nocht; agus uinnimint le do shúile a ungadh chun go mbeadh radharc agat.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Comhairlím duit ór a cheannach uaim atá profa sa tine, chun go mbeidh tú saibhir; agus éidí geala le cur ort chun nár léir náire do bhall nocht; agus ungadh le do shúile a ungadh chun go mbeidh radharc agat.