Revelation 3:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Féuch, seasaim ag an doras, agus bím dhá bhuáladh: ma éisdeann einneach rém ghúth, agus go noisgeóluidh an doras, racha mé a steach chuige, agus íosad mo shuipéir maille ris, agus eision maile riomsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Féach, atáim im’ sheasamh ag an doras ag bualadh: má éisteann aon duine lem’ ghuth, agus an doras d’fhoscailt, tiocfad isteach chuige, agus íosad suipéar i n‐éinfheacht leis, agus íosaidh seisean i n‐éinfheacht liom‐sa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Siúd mé i mo sheasamh ag cnagadh an dorais; má éisteann aon duine le mo ghlór agus má osclaíonn sé an doras romham, tiocfaidh mise isteach chuige ansin go gcaithfidh mé bia leis, agus go gcaithfidh sé bia liom i mo chuideachta.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Seo mé i mo sheasamh ag an doras, agus ag bualadh air; má chloiseann aon duine mo ghuth agus an doras a oscailt dom, tiocfaidh mé isteach chuige agus beidh bia agam fairis agus aigesean faramsa.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Seo mé i mo sheasamh ag an doras, agus mé ag bualadh air; má chloiseann aon duine mo ghuth agus an doras a oscailt dom, tiocfaidh mé isteach chuige agus beidh bia agam fairis agus aige-sean faram-sa.