Revelation 3:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus sgríobh chum aingil na heagluise atá a Bphiladelphia; Ag so na neithe a deir an neach náomhtha, án neach fírinneach, agá bhfuil eochair Dháibhi, an tí osglas, agus ní dhúnann éinneach; an tí dhúnas, agus ní osglann éunduine;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i bhFiladelfia; Is é adeir an té atá naomhtha, an té atá fíor, an té go bhfuil eochair Dháibhí aige, an té fhosclas, agus ní dúntar ’n‐a dhiaidh; té dhúnas, agus ní foscailtear ’n‐a dhiaidh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Agus scríobh mar seo chuig aingeal na heaglaise atá i bhFiladelfia: ‘Is é a deir an té atá fírinneach fíornaofa, an té a bhfuil eochair Dháibhí aige, an té nach ndúnfar ar oscail sé, agus nach n-osclófar ar dhún sé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bhFilideilfia: 'Mar seo a deir an té is naofa, an té is fírinneach, an té ag a bhfuil eochair Dháiví, an té a osclaíonn agus nach ndúnann aon duine:
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bhFilideilfia: ‘Mar seo a deir an té is naofa, an té is fírinneach, an té ag a bhfuil eochair Dháiví, an té a osclaíonn agus nach ndúnann aon duine: