Revelation 3:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As aithnidh dhamh hoibreacha: féuch, do chuir mé doras osguilte romhad, agus ní héidir déinneach a dhúnadh: do bhrígh go bhfuil brígh bheag ionnad, agus gur choimhéid tú mo bhríatharsa, agus nar shéun tú mainm.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is eol dom t’oibreacha (féach, atá doras foscailte curtha agam rómhat, agus ní fhéadann aoinneach a dhúnadh), de bhrigh go bhfuil beagán cumhachta agat, agus gur choimheádais mo bhriathar, agus nár shéanais m’ainm.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“ ‘Is feasach dom dʼoibreacha: Féach, dʼfhág mé an doras ar oscailt romhat nach féidir le duine ar bith a dhúnadh; tá a fhios agam go bhfuil mo bhriathar coinnithe slán agat agus mʼainm gan séanadh agat in ainneoin laige do bhri.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is eol dom d' oibreacha. Féach! chuir mé doras ar leathadh romhat, nach féidir d' aon duine a dhúnadh, óir is beag é an neart atá agat ach choinnigh tú m' fhocal agus níor shéan tú m' ainm.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is eol dom dʼoibreacha. Féach! Chuir mé doras ar leathadh romhat, nach féidir dʼaon duine a dhúnadh, óir is beag é an neart atá agat ach choinnigh tú mʼfhocal agus níor shéan tú mʼainm.