Revelation 3:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Féuch, do bhéura mé air an druing do shínagóig Shátain, noch a deir gur Iúdaigheadh íad féin, agus nach eadh, achd do níd bréug; féuch, do bhéura mé ortha teachd agus sléuchduin do dhéunamh agad chosuibhse, agus biaidh a fhios aca go dtug mise grádh dhuit.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Féach, do‐bheirim duit cuid de lucht sionagóige Sátain, adeir gur Iúdaigh iad, acht nach eadh, acht gur bréagach atáid; féach, cuirfead d’fhiachaibh ortha teacht agus sléachtadh ag do chosaibh, agus a aithint go dtugas‐sa grádh dhuit.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Feicfidh tú a ndéanfaidh mé le lucht shionagóg Shátain a mhaíos gur Giúdaigh iad agus atá bréagach ó nach bhfuil siad amhlaidh—feiefidh túgogcuirfidh mé iallach orthu teacht a umhlú ag do chosa, agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Féach! tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Féach! Tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.