Revelation 4:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do léigeadar an ceathrar air fhichid seanóir íad féin síos a bhfíadhnuise an té do shuigh sa gcathaóir, agus tugadar onóir don té mhaireas go sáoghal na sáoghal, agus do theilgeadar a gcorónacha a bhfíadhnuise na catháoire, ag rádh,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
tuiteann an ceathrar seanóir agus fiche síos os cómhair na té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, agus adhrann siad an té mhaireas go saoghal na saoghal, agus caitheann siad a gcoróineacha síos os cómhair na righ‐chathaoireach,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
nach dtiteann na ceithre chruifir ar fhichid ar a mbéal fúthu roimh an té a mhaireas go saol na saol; ag caitheamh a gcorónacha síos os coinne na ríchathaoireach, agus ag canadh,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus i gcónaí nuair a thugann na dúile glóir agus onóir agus buíochas don té atá ina shuí sa ríchathaoir, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, sléachtann an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an té atá ina shuí sa ríchathaoir, agus adhrann siad an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, agus caitheann a gcorónacha síos os comhair na ríchathaoireach á rá:
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus i gcónaí nuair a thugann na dúile glóir agus onóir agus buíochas don té atá ina shuí sa rí-chathaoir, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, sléachtann an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an té atá ina shuí sa rí-chathaoir, agus adhrann siad an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, agus caitheann a gcorónacha síos os comhair na rí-chathaoireach dá rá: