Revelation 4:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí mé gan fhuireach san sbioruid: agus, féuch, do bhí catháoir ríogha ar na suigheadh ar neamh, agus do bhí neach na shuidhe sa gcatháoir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ar an láthair do bhíos san Spiorad: agus féach, do bhí righ‐chathaoir suidhte ar neamh, agus an duine ’n‐a shuidhe ins an righ‐chathaoir;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus leis sin bhí mé ar maos sa Spiorad Naomh, agus bʼshiúd an ríchathaoir ina seasamh ar neamh agus an té a bhí ina shuí ar an ríchathaoir!
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí mé faoi luí an Spioraid gan mhoill, agus, féach, bhí ríchathaoir suite sna flaithis, agus neach ina shuí sa chathaoir sin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí mé faoi luí an Spioraid gan mhoill, agus, féach, bhí rí-chathaoir suite sna flaithis, agus neach ina shuí sa chathaoir sin.