Revelation 4:3 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tí do shuigh bá cosmhuil é ré na fhéuchain ré cloich Iaispis agus Shardis: agus do bhí bogha uisge a dtimchioll na catháoire fá gcuáirt, bá cosmhuil ré ná fhéuchain ré cloich smaragad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus an té do bhí ’n‐a shuidhe is amhlaidh do bhí sé mar bhéadh cloch iaspair agus sáird: agus i dtimcheall na righ‐chathaoireach do bhí bogha ceatha, mar bhéadh cloch smaragaid le féachain air.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhí lí sheaspair agus sháird ar an té a bhí ina shuí uirthi, agus bhí tuar ceatha ar lí smaragaide ina fháinne mórthimpeall na ríchathaoireach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus an té a bhí ina shuí bhí sé ar lí seaspair agus sairdis agus bhí bogha ceatha timpeall na ríchathaoireach ar dhealramh na smaragaide.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus an té a bhí ina shuí bhí sé ar lí seaspair agus sairdis agus bhí bogha ceatha timpeall na rí-chathaoireach ar dhealramh na smaragaide.