Revelation 4:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí a bhfíadhnuise na cathaóireach fairrge ghloine bá cosmhuil ré criosdal: agus eidir an gcathaóir, agus na neithe do bhí na timchioll, do bhádar ceithre beathuigh lán do shúilibh rompadh agus na ndiáigh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus os cómhair na righ‐chathaoireach do bhí mar bhéadh fairrge gloine cosmhail le criostal: agus i lár gach taoibhe de’n righ‐chathaoir, ’n‐a thimcheall, do bhí ceithre h‐ainmhidhthe lán de shúilibh ar tosach rómpa agus ar a gcúl.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus tá muir théachta ghlan ghloiní mar chriostal ann os comhair na ríchathaoireach. Agus timpeall na ríchathaoireach, i lár gach taoibh den ríchathaoir, tá na ceithre bheithíoch bhithbheo, a bhfuil a gcoirp lán de shúile rompu agus ina ndiaidh:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus os comhair na ríchathaoireach tá mar a bheadh farraige gloine, cosúil le criostal. Agus i lár baill ag an ríchathaoir, agus mórthimpeall na ríchathaoireach, tá ceithre dhúil bheo atá lán de shúile chun tosaigh agus laistiar.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus os comhair na rí-chathaoireach tá mar a bheadh farraige ghloine, cosúil le criostal. Agus i lár baill ag an rí-chathaoir, agus mór-thimpeall na rí-chathaoireach, tá ceithre dhúil bheo atá lán de shúile chun tosaigh agus laistiar.