Revelation 4:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí ar gach beathach fó leith do na ceithre beathuighibh sin, sé sgiatháin fá gcuáirt; agus íad don táobh a stigh lán do shúilibh: agus níor sguireadar do ló ná doidhche, dá bheith ag rádh, Is náomhtha, náomhtha, náomhtha, an Tighearna Día Uilechúmhachdach, an té bhí, agus atá agus bhías.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do bhí sé sciatháin ag gach ceann de na h‐ainmhidhthibh, agus ’n‐a dtimcheall, agus taobh istigh dhíobh atá siad lán de shúilibh: agus ní thostann siad de ló ná d’oidhche, acht iad g‐á rádh, Naomhtha, naomhtha, naomhtha, Tighearna Dia Uile‐chumhachtach, do bhí ann, agus atá ann, agus atá ag teacht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus bíonnsé sciathán ar gach uile bheithíoch, agus iad lán de shúile fúthu agus tharstu, agus ní bhíonn stad orthu oíche ná lá ach ag canadh, “Is naofa, naofa, naofa é Tiarna Dia na gcumhachtaí, a bhí agus atá agus atá le teacht!”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus bíonn sé sciatháin ar gach ceann de na ceithre dúile beo, agus iad lán de shúile mórthimpeall agus laistigh; ní théann aon stad orthu de lá ná d' oíche ach ag rá:
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus bíonn sé sciathán ar gach ceann de na ceithre dhúile bheo, agus iad lán de shúile mór-thimpeall agus laistigh; ní théann aon stad orthu de lá ná dʼoíche ach ag rá: