Revelation 5:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chonnairc mé ar láimh dheis an tí do bhí na shuídhe sa gcathaóir, leabhar sgríobhtha don táoibh a stigh agus don táobh a muigh, do daingnigheadh ré seachd séula.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus i láimh dheis an té do bhí ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir do chonnacas leabhar go raibh scríbhinn san taobh istigh agus ar an taobh amuigh dhe, agus é dúnta fá sheacht séalaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chonaic mé i láimh an té a shuigh ar an ríchathaoir scrolla a raibh scríobhnóireacht breactha air, ar a aghaidh agus ar a chúl, a raibh seacht séala buailte air;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus chonaic mé go raibh, i ndeaslámh an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir, scrolla ar a raibh scríbhneoireacht laistigh agus lasmuigh, agus é séalaithe le seacht séala;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus chonaic mé go raibh, i ndeaslámh an té a bhí ina shuí sa rí-chathaoir, scrolla ar a raibh scríbhneoireacht laistigh agus lasmuigh, agus é séalaithe le seacht séala;