Revelation 5:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do fhéuch mé an tan sin, agus do chúaluidh mé gúth mhórain dainglibh a dtimchioll na cathaóireach agus na mbeathach agus na seanoir: agus a sé líon do bhádar ann deich míle núair deich míle agus miltidheadh do mhíltibh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do dhearcas, agus chualas glór a láin aingeal i dtimcheall na righ‐chathaoireach agus i dtimcheall na n‐ainmhidhe agus na seanóir, agus ba é a líon deich míle fó dheich míle agus na mílte de mhíltibh;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼamharc mé uaim ansin agus chuala mé timpeall na ríchathaoireach agus na mbeithíoch agus na gcruifreacha fuaim mórshlua aingeal, a bhí ina gcéadta agus ina mílte mile,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin san fhís dom, chuala mé glór iliomad aingeal timpeall na ríchathaoireach agus na ndúl beo, agus na seanóirí, agus ba é a líon deich míle faoi dheich míle agus na mílte ar mhílte.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin sa bhfís dom, chuala mé glór iliomad aingeal timpeall na rí-chathaoireach agus na ndúl beo, agus na seanóirí, agus ba é a líon deich míle faoi dheich míle agus na mílte ar mhílte.