Revelation 5:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chúala mé gach uile chreatúir dá bhfuil ar neamh, agus ar talamh, agus faói an talamh, agus dá bhfuil sa bhfairge, agus gach a bhfuil ionnta, ag rádh, Moladh, agus onóir, agus glóir, agus cúmhachda, don té atá na shuidhe sa gcathaoir, agus don Uan go sáoghal na sáoghal.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus gach nidh dár cruthuigheadh ar neamh, nó ar talamh, agus fá’n talamh, agus san bhfairrge, agus gach a bhfuil ionnta, do chualas iad g‐á rádh, An moladh, agus an onóir, agus an ghlóir, agus an chumhacht, go raibh ag an té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, agus ag an Uan go saoghal na saoghal.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuala mé a bhfuil de chréatúir ann ar neamh agus ar thalamh agus faoi thalamh agus i bhfarr-aige agus ar fud na cruinne á rá, “Don té a shuíos ar an ríchathaoir agus don Uan go raibh an bheannacht agus an onóir agus an ghlóir agus an chumhacht go saol na saol.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin, an uile chréatúr sna flaithis, agus ar talamh, agus faoi thalamh, agus san fharraige, chuala mé iad go léir sna baill sin, á rá: «Go raibh moladh agus onóir agus glóir agus cumhacht don té atá ina shuí sa ríchathaoir agus don Uan ar feadh na síoraíochta.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin, an uile chréatúr sna flaithis, agus ar talamh, agus faoi thalamh, agus sa bhfarraige, chuala mé iad go léir sna baill sin, dá rá: “Go raibh moladh agus onóir agus glóir agus cumhacht don té atá ina shuí sa rí-chathaoir agus don Uan ar feadh na síoraíochta.”