Revelation 5:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin do fhéuch mé, agus, féuch, a meadhón na cathaóireach, agus na gceithre mbeathach, agus a meadhón na seanóir, Uán na sheasamh amhuil tar éis a mharbhtha, ar a rabhadar seachd nadharca agus seachd súile, agár ab íad seachd Sbiorada Dé íad do cuireadh amach feadh na talmhan uile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus i lár na righ‐chathaoireach agus na gceithre n‐ainmhidhe, agus i lár na seanóir, do chonnacas an tUan ’n‐a sheasamh, mar bhéadh sé tar éis a íodhbartha, seacht n‐adharca agus seacht súile aige, gur ab iad seacht Spioraidí Dé iad,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chonaic mé ina sheasamh idir na cruifreacha agus an ríchathaoir agus na ceithre bheithíoch an tUan mar a bheadh sé in éis a mharaithe, a raibh seacht n-adharc agus seacht súil aige, arbh iad seacht sprid Dé iad a chuirtear amach ar fud an domhain uile;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus chonaic mé an tUan, mar a bheadh tar éis a bhásaithe, ina sheasamh i lár slí, idir an ríchathaoir agus na ceithre dúile beo, agus na seanóirí; bhí seacht n-adharc air agus seacht súil aige arbh iad seacht spiorad Dé a seoladh amach ar fud an domhain uile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus chonaic mé an tUan, mar a bheadh tar éis a bhásaithe, ina sheasamh i lár slí, idir an rí-chathaoir agus na ceithre dhúil bheo, agus na seanóirí; bhí seacht n-adharc air agus seacht súil aige arbh iad seacht spiorad Dé a seoladh amach ar fud an domhain uile.